Volunteer with Galway Theatre Festival!

Galway Theatre Festival
- Arts/Culture/Media
- Galway
Ceiliúradh Lá Eitneachta Lucht Siúil na hÉireann ar champas OÉ Gaillimh an 26 Feabhra 2020. Feartar fáilte in OÉ Gaillimh roimh chultúr agus oidhreacht an Lucht Siúil.
‘An Lucht Siúil sa Chóras Oideachais, braistint muintearais a chothú’ ab ea téama na hócáide, a raibh sé mar aidhm aici borradh a chur faoi rannpháirtíocht an Lucht Siúil san oideachas ag an tríú leibhéal agus, ag an am céanna, spás sábháilte agus fáilteach a chur ar fáil ar an gcampas. Faoi láthair, níl cáilíocht tríú leibhéal ach ag díreach 1% den Lucht Siúil, agus ní éiríonn ach le 9% de leanaí an Lucht Siúil an Ardteistiméireacht a bhaint amach, i gcomparáid le 86% den phobal i gcoitinne.
Is é an Cumann Mincéirs Whiden, arb é an leagan Caintise é ar ‘an Lucht Siúil i mbun cainte’, an chéad Chumann Mac Léinn in Éirinn don Lucht Siúil.
Seo mar a labhair comhbhunaitheoir an chumainn, Jason Sherlock, faoin gcumann ag an ócáid cheiliúrtha ar eitneacht Lucht Siúil na hÉireann: “Is é seo spás sin againne ar an gcampas, áit nach gá dúinn ár bhféiniúlacht a cheilt inti, agus gan eagla a bheith orainn go ndéanfaí imeallú ná leithcheal orainn.”
Reáchtáladh ócáid dar teideal MISLEÓR: Féile Cultúr Fánaíochta i mí Dheireadh Fómhair 2019. Ceiliúradh a bhí ann ar chultúr agus ar thraidisiúin fánaíochta na hÉireann agus na hEorpa agus tugadh spléachadh ann freisin ar na deacrachtaí céanna sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha a mbíonn na pobail seo ag déileáil leo.
Díol spéise dom féin ab ea grúpa fánaíochta ón Iorua darb ainm ‘Sámi’. Tá cosúlachtaí idir na Sámi agus lucht siúil na hÉireann, ach in áit capaill a bheith acu, réinfhianna atá ag na Sámi. Bhí mé an-tógtha leis sin. Thug duine den lucht siúil, an Dr Sindy Joyce, céimí PhD, caint chomh maith. Bhí seastán ann faoi na Romaigh, agus cainteanna ó dhaoine ó lucht siúil na hÉireann agus Shasana. Tugadh léiriú ar shlí mhaireachtála an lucht siúil i dtaispeántas pictiúr agus físeán. Teilgeadh íomhánna díobh sin ar thaobh iomlán amháin de mhúsaem cathrach na Gaillimhe ag an bPóirse Caoch. Bhí ceardlanna agus scéalaíocht ann freisin, mar aon le caint le Martin Collins dar teideal “It’s a Cultural thing, or is it?”. Bhí amhránaithe ann chomh maith agus bhain a raibh i láthair taitneamh as a gcanadh siúd.
MISLEÓR was a Festival of Nomadic Cultures which took place in October of 2019. It explored Irish and European nomadic culture and traditions while highlighting the common social, political and cultural barriers these communities experience.
What I found interesting was a Traveller group in Norway called ‘Sámi’. The Sámi people are like Irish Travellers but instead of riding or catering to horses, The Sámi people havereindeers. I thought that was cool. There was also a talk by Irish Traveller PhD. Graduate, Dr. Sindy Joyce. There was also a stand about the ‘Roma’ people and talks by Travellers across Ireland and England. There was also a visual display of pictures and videos highlighting the traveller way of life. This was projected on the full side of the Galway city museum at The Spanish arch. There was also many workshop shops and storytelling, including one with Martin Collins, entitled “It’s a Cultural thing or is it”. There were also songs by many singers which enriched all those who attended.
StudentVolunteer.ie enables students to have the opportunity to: enrich your personal development and employability skills, have a fun experience, meet new people, and give back to your community. Sign up now.
Register Now